[siteorigin_widget class=”SiteOrigin_Widget_Image_Widget”][/siteorigin_widget]

  Áiteanna Spéisiúla        Gnéithe Suimiúla        Áiteanna Suaithinseacha      

Is é Cnoc an Chrochadóra an dumhach is airde ar an ngalfchúrsa de réir sheanchas an cheantair. Tá sé ráite gur anseo, sa bhliain 1588, a crochadh na mairnéalaigh a tháinig slán ón bhfarraige nuair a deineadh scrios ar Armáid na Spáinne.

Lean an cosán chomh fada le bothán an gharda tarrthála a bunaíodh sa bhliain 1936. Féach ar an leac, ar chlé, a tógadh i gcuimhne ar chuairt Rí agus Banríon na Spáinne i 1986.

Tá tithe saoire ón 19ú haois ar thaobh na láimhe deise, idir lóistí buana agus thithe beaga saoire atá le fáil ar cíos do cuairteoirí. ‘Lóistí an tSáile’  a thugtar orthu.Cas ar chlé tar éis dul thar an ngáirdín a tógadh I gcuimhne ar na daoine a cailleadh I dTeach na mBochta a bhíodh anseo ar feadh tamaill

Gach siúlóid: cas ar chlé.

B

Tá fothrach Óstán an Atlantaigh , a tógadh i 1809, gar d’Óstán na hArmáide.

B’ é an t-óstán ba mhó in Eirinn agus sa Bhreatain Mhór é ar feadh tamaill. B’shin an áit ina raibh aer úr na farraige le brath agus ina raibh dabhaigh bhogthe ar fáil ag cliaint . Úsáideadh é mar fhoirgneamh cúnta do Theach na mBocht ó 1848 go 1852. Ar dheis, tá Teach Radharc na Mara , teach a thóg an Tiarna Talún Ó Maolruanaidh sa bhliain 1830. Cheannaigh Ord Shiúracha na Trócaire an teach sa 20ú haois agus osclaíodh scoil chónaithe a mheall cailíní ó chian agus ó chóngar go deireadh na seachtóidí.

Siúlóid San Marcos amháin: cas ar dheis ar bhóthar  L6224.
Na siúlóidí eile: lean ar aghaidh go G.

C

Téigh  ar an L6224, Bóthar an Phortaigh, i dtreo Shráid na Cathrach. Tá an bóthar i bhfad níos airde ná na páirceanna mórthimpeall air toisc gur baineadh móin anseo leis na cianta. Nuair a bhí an mhóin ídithe, cuireadh glasraí de gach sórt ag fás anseo go lár an 20ú haois. Tá Páirc Mhic Aonghusa C. L. G.  ag bun an bhóthair; ainmníodh í as Pádraig Ó hAonghusa, laoch áitiúil a feallmharaíodh le linn Chogadh na Saoirse.

D

Anois tá tú ar imeall an bhaile agus ní foláir duit casadh ar dheis chun filleadh ar Rinn na Spáinneach {N67}. Tugtar Geataí an Iarnróid ar an áit seo mar thrasnaigh Iarnród Iarthar an Chláir an bóthar ann ó 1891 go 1961. Tá teachín fheighlí an iarnróid le feiceáil fós ag an gcrosaire.

E
Ag Crosaire Goodlands, cas ar dheis. Téigh  thar an Eaglais Phrotastúnach a tógadh i 1927 agus a fhreastalaíonn fós ar an gceantar mórthimpeall  i rith an tsamhraidh.

F

Níos faide ar aghaidh, ag an gcúinne, tá Teachín Wellington  le feiceáil; sin an teach ina raibh cónaí ar Phádraig Ó hIrghile, Iar–Uachtarán na hEireann (1976-1990 ). Tá Teach Bhaile an Mhuilinn agus Meánscoil Naomh Iósaf (thart ar 400 scoláire) le feiceáil ar thaobh na láimhe deise ina dhiaidh sin.

 

G

Siúlóidí Ceilpe: Cladach, Slí Leathan agus Ó Maolruanaidh
                                                  

Ó Óstan an Armada téigh caol díreach ar an R 462 ; go minic, ar chlé, bíonn daoine ag tonnmharcaíocht ar Thrá D’Esterre. Anois tá teach mór, “The Billows” (1810), le feiceáil; bhí príomhinnealltóir Iarnród Iarthar an Chláir , William Barrington, ina chónaí ann ag deireadh an 19ú haois. Ansin tá Lóiste Ibricín atá faoi chúram  Ord an FCJ. Níos faide sall feictear Teachín an Chláir (1780), teach ceann tuí ina raibh Oifig an Phoist tráth. Tá daoine ina gcónaí sa cheantar seo ó 1780.

Siúlóid Ceilpe: cas ar chlé ag Teachín an Chláir agus téir go K

H

Trasna an bhóthair, ar thaobh na láimhe deise, tá Teach Medina (1840 ) le feiceáil, teach a ainmníodh as Medina Sidonia a bhí i gceannas ar Armáid na Spáinne. Bhí graí asal iomráiteach anseo ag an mBantiarna Averil Swinfen san chéad seo caite. (Is é) Lóiste na hAimiréalachta  (1850) an chéad teach mór eile ar dheis. Bhíodh cónaí ar Cheannaire Áitiúil an Chabhlaigh Ríoga anseo tráth. Tá rian de sheanscoil náisiúnta (1870-1908) le feiceáil sa Pháirc Charbhán. Ón bpointe seo, nuair a bhíonn lá breá geal ann, feictear Oileáin Árann agus na Beanna Beola ó thuaidh agus feictear  Túr Martello, ar Oileán Caorach, chomh maith le Ceann Léime agus Sléibhte Chiarraí, ó dheas.

Siulóid an Chladaigh  (J): díreach ar aghaidh; An tSlí Leathan (I): cas ar dheis ag an droichidín

I

Siúlóid na Slí Leithne – tógadh an droichidín cloiche seo mar thionscnamh fóirithinte le linn gorta 1822; sníonn an sruthán seo síos go dtí Poll na Circe, uaimh thitithe ar an gcósta. Lean ort ar feadh 350m trí lagphortach, ansin [téir] díreach ar aghaidh go dtí an bóthar tarráilte  (agus Siúlóid an Chladaigh); cas ar dheis i dtreo na trá.

J             Siúlóid an Chladaigh 

Lean ar aghaidh ar Bharr Trá  chun féachaint amach, ar chlé, thar Bhá an Chladaigh. Cas ar dheis ag an droichead beag cloiche agus siúil ar an L6226 agus trí lagphortach; tá Portach Bhréachmhaigh  ar dhá thaobh an bhóthair. Tar éis 850m, cas ar chlé, síos le fána agus cas ar dheis ag an sean-bhothán cloiche ar a bhfuil díon leaca an Mhothair, rud a bhíodh comónta sa cheantar an chéad seo caite.

K            Siúlóid na Ceilpe

Bítear ag faire amach d’fhothracha dhá sheanteach ar an lána seo, ansin ar chlé Lóiste na hArmáide (1775 ), an teach mór is ársa sa cheantar, agus, ar chlé, Lóiste an Atlantaigh, Beairic Póilíní le linn Chogadh na Talún. Thriomaítí  agus dhóití an cheilp  ar an bpaiste féarmhar seo tráth agus tá rian pholl na dóiteoireachta le  feiscint fós. Sa bhliain 1916 chuaigh long darbh ainm ‘The Kelp’ go tóin poill amach ón gcósta . Ag bun an bhóthair, thar an mballa i dtalamh feirmeoireachta, tá Tuama na Spáinneach le feiceáil ar chnocán. Is limistéar caomhnaithe é seo – láthair thábhachtach bhitheolaíoch agus gheolaíoch.